Old_Test.
(Menu)
Genesis
Exodus
Leviticus
Numbers
Deuteronomy

Joshua
Judges
Ruth
1Samuel
2Samuel
1Kings
2Kings
1Chronicles
2Chronicles
Ezra
Nehemiah
Esther

Psalms
Proverbs
Job
Ecclesiastes
Song

Isaiah
Jeremiah
Baruch
Ezekiel
Daniel
Hosea
Joel
Amos
Obadiah
Jonah
Micah
Nahum
Habbakuk
Zephaniah
Haggai
Zechariah
Malachi

Tobit
Judith
1Maccabees
2Maccabees
Sirach
Wisdom
New_Test.
(Menu)
Matthew
Mark
Luke
John
Acts

Romans
1 Corinthians
2 Corinthians
Galatians
Ephesians
Colossians
1 Thessalonians
2 Thessalonians
Philemon
1 Timothy
2 Timothy
Titus

Hebrews
James
1 Peter
2 Peter
1-3John
Jude
Revelation

Ἡ Καινὴ Διαθήκη

Josephus
(Menu)
Who was Josephus?
Maps, Graphics
Highlights
Translation

THE JEWISH WAR
War, Volume 1
War, Volume 2
War, Volume 3
War, Volume 4
War, Volume 5
War, Volume 6
War, Volume 7

THE ANTIQUITIES
Ant. Jud., Bk 1
Ant. Jud., Bk 2
Ant. Jud., Bk 3
Ant. Jud., Bk 4
Ant. Jud., Bk 5
Ant. Jud., Bk 6
Ant. Jud., Bk 7
Ant. Jud., Bk 8
Ant. Jud., Bk 9
Ant. Jud., Bk 10
Ant. Jud., Bk 11
Ant. Jud., Bk 12
Ant. Jud., Bk 13
Ant. Jud., Bk 14
Ant. Jud., Bk 15
Ant. Jud., Bk 16
Ant. Jud., Bk 17
Ant. Jud., Bk 18
Ant. Jud., Bk 19
Ant. Jud., Bk 20

OTHER WRITINGS
Apion, Bk 1
Apion, Bk 2
Autobiog.


Apocrypha
(Menu)
Introduction

Gospel of--
-- Nicodemus
-- Peter
-- Ps-Matthew
-- James (Protevangelium)
-- Thomas (Infancy)
-- Thomas (Gnostic)
-- Joseph of Arimathea
-- Joseph_Carpenter
Pilate's Letter
Pilate's End

Apocalypse of --
-- Ezra
-- Moses
-- Paul
-- Pseudo-John
-- Moses
-- Enoch

Various
Clementine Homilies
Clementine Letters
Clementine Recognitions
Dormition of Mary
Book of Jubilees
Life of Adam and Eve
Odes of Solomon
Pistis Sophia
Secrets of Enoch
Tests_12_Patriarchs
Veronica's Veil
Vision of Paul
Vision of Shadrach

Acts of
Andrew
Andrew & Matthias
Andrew & Peter
Barnabas
Bartholomew
John
Matthew
Paul & Perpetua
Paul & Thecla
Peter & Paul
Andrew and Peter
Barnabas
Philip
Pilate
Thaddaeus
Thomas in India

Daily Word 2019

SEASONS of:
Advent
Christmastide
Lent
Eastertide

SUNDAYS, Year A
Sundays, 1-34, A
SUNDAYS, Year B
Sundays, 1-34, B
SUNDAYS, Year C
Sundays, 1-34, C

WEEKDAYS
(Ordinary Time)
Weeks 1-11 (Year 1)
Weeks 1-11 (Year 2)

Wks 12-22 (Year 1)
Wks 12-22 (Year 2)

Wks 23-34 (Year 1)
Wks 23-34 (Year 2)

OTHER
Solemnities
Baptisms
Weddings
Funerals
Saints Days

Patristic
(Menu)


Clement of Rome

Ignatius of Antioch

Polycarp of Smyrna

Barnabas,(Epistle of)

Papias of Hierapolis

Justin, Martyr

The Didachë

Irenaeus of Lyons

Hermas (Pastor of)

Tatian of Syria

Theophilus of Antioch

Diognetus (letter)

Athenagoras of Alex.

Clement of Alexandria

Tertullian of Carthage

Origen of Alexandria

Ord an Bhaiste

Ord an Bhaiste

(Seo leanas, muna bhuil ach aon leanbh amháin. Má's le roinnt leanaí le chéile, déantar na haithrithe riachtanacha.)

Más féidir, bíodh an baisteadh ar an Domhnach: is searmanas poiblí é an bhaisteadh.

Fáilte, ag doras na h'eaglaise

Beannaíonn an ceiliúraí don phobal, go háirithe do na tuismitheoirí agus do na carais Chríost. I mbeagán focal meabhraíonn sé dóibh an lúcháir lenar fháiltigh na tuismitheoirí roimh an leanbh, ag glacadh leis mar bhronntanas ó Dhia, údar na beatha, agus gurb é a thoil siúd anois a bheatha féin a bhronnadh ar an leanbh seo. Ar dtús ceistíonn an ceiliúraí tuismitheoirí an linbh.

Ceiliúraí: Cad é an t-ainm is mian libh a thabhairt ar bhur leanbh ?
Tuismitheoirí: (AINM)

Ceiliúraí: Cad é atá sibh a iarraidh ar Eaglais Dé do (AINM)?
Tuismitheoirí: An baisteadh.

Ceiliúraí: An dtuigeann sibh, agus sibh ag iarraidh go mbaistfí bhur leanbh, go bhfuil sibh á ghlacadh de dhualgas oraibh féin é (í) a oiliúint sa chreideamh chun go gcomhlíonfadh sé (sí) na haitheanta agus go dtabharfadh sé (sí) grá do Dhia agus dá c(h)omharsana mar a mhúin Críost dúinn?
Tuismitheoirí: Tuigimid.

Casann an ceiliúraí ansin ar na carais Chríost:

Ceiliúraí: An bhfuil sibh Sásta cabhrú le tuismitheoirí an linbh seo a ndualgas a chomhlíonadh?
Carais Chríost: Táimid sásta.

Ceiliúraí: A (AINM), cuireann an pobal Críostaí céad fáilte romhat. In ainm an phobail sin gearraim fíor na croise céasta ort agus ina dhiaidh sin gearrfaidh do thuismitheoirí (agus do charais Chríost) fíor chrois Chríost ár Slánaitheoir ort mar an gcéanna.
Cuireann sé fíor na croise, agus é in a thost, ar éadan an linbh. Tugann sé cuireadh ansin do na tuismitheoirí déanamh amhlaidh agus más cuí, do na carais Chríost freisin.
Tugann an ceiliúraí cuireadh do na tuismitheoirí, do na carais Chríost agus don phobal uile páirt a ghlacadh i liotúirge an bhriathair. Más féidir é beidh mórshiúl chun na háite ina léifear an scrioptúr agus ní miste iomann a chanadh le linn an mhórshiúil sin.


Ceiliúradh Bhriathar Dé

Léitear ceann nó dhó de na dréachtaí seo leanas ón Scrioptúr:

Sliocht as an Soiscéal Naofa, de réir Naomh Eoin 3:1-6

Mura nginfear duine athuair ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil

Bhí ar na Fairisinigh duine darbh ainm Nicodémas, uachtarán ar na Giúdaigh. Tháinig an duine seo chuig Íosa san oíche, agus dúirt leis: "Tá a fhios againn, a rabbí, gur oide thú a tháinig ó Dhia, óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis." D'fhreagair Íosa: "Amen, Amen," ar sé leis, "mura nginfear duine athuair ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil!"
Dúirt Nicodémas leis: "Conas is féidir duine a ghiniúint agus é ina sheanduine? An amhlaidh a d'fhéadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saol athuair?"
D'fhreagair Íosa: "Go deimhin féin a deirim leat, mura ngintear duine ó uisce agus ó Spiorad, ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé. An ghin a gineadh ón nádúr is nádúr í; An ghin ón Spiorad is osnádúr í.

An véarsa seo leanas a rá idir na léachtaí:

Dúirt Íosa : "Is mise solas an tsaoil.
An té a leanfaidh mise,
ní shiúlfaidh sé sa dorchacht
ach beidh aige solas na beatha." (Eoin 8: 12).

Sliocht as an Soiscéal Naofa, de réir Naomh Marcas 10: 13-16

Ligigí do na leanaí teacht chugam

Bhí daoine ag tabhairt na leanaí chuig Íosa chun go sínfeadh sé a lámh orthu, agus bhí na deisceabail ag cur ceartú orthu. Ar a fheiceáil sin dó, tháinig míchéata air agus dúirt leo: "Ligigí do na leanaí teacht chugam; ná coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé. Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche." Agus rug sé barróg orthu, chuir a lámha orthu, agus bheannaigh iad.

Tar éis na léitheoireachta tugann an ceiliúraí aitheasc gearr ina míníonn sé don phobal brí na léachtaí. Moltar go mbeadh tamall ciúnais; agus níor mhiste iomann oiriúnach a chanadh ansin.

Guí an Phobail, Liodán agus Ungadh

Ceiliúraí: A cháirde, iarraimis trócaire ár dTiarna Íosa Críost don leanbh seo a bhaistfear ar ball, dá t(h)uismitheoirí agus dá c(h)arais Chríost agus do gach aon duine baiste.

Léitheoir: De thoradh ar rúndiamhair do bháis agus d'aiséirí, a Thiarna, tabhair beatha nua sa bhaisteadh don leanbh seo agus seol isteach i d'Eaglais é (í). A Thiarna, éist linn.
Pobal: A Thiarna, bí ceannsa agus éist linn.

Léitheoir: De thoradh ar an mbaisteadh agus ar an gcóineartú cuir ar a c(h)umas tú a leanúint go dílis agus fianaise a thabhairt go seasmhach ar son do shoiscéil. A Thiarna, éist linn.
Pobal: A Thiarna, bí ceannsa agus éist linn.

Léitheoir: Tabhair do thuismitheoirí agus do charais Chríost an linbh seo bheith ina n-eiseamláir dó (di) sa chreideamh. A Thiarna, éist linn.
Pobal: A Thiarna, bí ceannsa agus éist linn.

Léitheoir. Coimeád a theaghlach go buan i do ghrá. A Thiarna, éist linn.
Pobal: A Thiarna, bí ceannsa agus éist linn.

Léitheoir: Athnuaigh grásta an bhaiste ionainn go léir. A Thiarna, éist linn.
Pobal: A Thiarna, bí ceannsa agus éist linn.

Liodán na Naomh

Tugann an ceiliúraí cuireadh don phobal na naoimh a ghuí.

A Naomh Mhuire, a Mháthair Dé guigh orainn.
A Naomh Eoin Baiste guigh orainn.
A Naomh lósaef guigh orainn.
A Naomh Peadar agus PóI guigí orainn.
Níor mhiste ainmneacha naomh eile a chur sa liodán seo, go háirithe pátrúin an linbh atá le baisteadh agus pátrún na heaglaise nó an cheantair.
A Naomha uile Dé guígí orainn.

An tUngadh Roimh Baisteadh

• A Thiarna Dia uilechumhachtaigh, chuir tú d'Aon Mhac ar an saol seo chun an duine a shaoradh ó bhraighdeanas an pheaca agus chun saoirse do chlann mhac a thabhairt dó.
Beidh ar an leanbh seo aghaidh a thabhairt ar chathuithe an tsaoil agus ar chleasa an diabhail.
larraimid go humhal ort é (í) a thabhairt slán ón bpeaca de thoradh ar bhás agus ar aiséirí do Mhic.
Cumhdaigh é (í) le grásta Chríost agus cosain é (í) ar a b(h)ealach tríd an saol.
Trí Chríost ár dTiarna.
Pobal: Amen.
• Go raibh neart Chríost an Slánaitheoir do do chumhdach; dá chomhartha sin ungaimid thú le hola an tslánaithe in ainm Chríost a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol.
Pobal: Amen.

Ungann an sagart brollach an linbh le hola na gcaiticiúmanach. Téann siad chun na baistealainne ansin nó chun an tsanctóra más ann atá an baisteadh le déanamh.

Ceiliúradh An Bhaiste

Ar theacht chun an umair dóibh meabhraíonn an ceiliúraí don phobal é Dia a dheonú an duine a naomhú idir chorp agus anam tríd an uisce.

Ceiliúraí: Guímis, go dtuga an Tiarna Dia uilechumhachtach beatha nua don leanbh seo trí chumhacht an uisce agus an Spioraid Naoimh.

larrtar ar Dhia an t-uisce a bheannú

Ceiliúraí: A Dhia, de thairbhe do chumhachta dofheicthe baineann tú feidhm as comharthaí sofheicthe chun éachtaí a chur i gcrích. Bhain tú feidhm as an uisce chun grásta an Bhaiste a Iéiriú roimh ré.
A luaithe is a bhí an domhan cruthaithe agat, chuaigh do Spiorad ag foluain os cionn na n-uiscí chun go mbronnfadh sé cumas an bheannaithe ar an uisce ag an am sin féin.
Rinne tú íomha na hathbhreithe den díle chun a thaispeáint gur trí chumhacht an uisce a chuirfí deireadh leis na duáilcí agus tús ar na suáilcí.
Thug tú clann Abráhám thar Mhuir Rua anonn de chosa tirime chun iad a shaoradh ón mbraighdeanas san Éigipt agus chun pobal nua a bhunú a bheadh ina shamhail de phobal an bhaiste. Bhaist Eoin do Mhac in uisce na lordáine agus rinne an Spiorad Naomh é a ungadh. Nuair a céasadh ar an gcrois é tháinig uisce chomh maith le fuil amach as a chliathán. Agus tar éis dó éirí ó na mairbh chuir sé na deisceabail uaidh á rá leo: "Imígí, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Féach, a Dhia, ar d'Eaglais agus oscail umar an bhaiste di. Tugadh an Spiorad Naomh a ghrásta don uisce seo chun go nglanfar an duine a rinneadh ar do dheilbh ó gach uile pheaca agus go n-athghinfear é trí chumhacht an uisce agus an Spioraid Naoimh i sacraimint seo an bhaiste.
Buaileann an ceiliúraí a lámh dheas ar an uisce agus deir sé.
Tagadh cumhacht an Spioraid Naoimh anuas ar uisce an umair seo, a Dhia, chun go mbeadh páirt in aiséirí Chríost ag gach aon duine dá dtugtar páirt ina bhás sa bhaisteadh. Tri Chríost ár dTiarna.

Pobal: Amen.

Diúltú don Diabhal agus Admháil an Chreidimh

Ceiliúraí: A thuismitheoirí agus a charasa Chríost liom: De thoradh ar shacraimint an bhaiste tabharfaidh Dia trí chumhacht an uisce agus an Spioraid Naoimh beatha nua don leanbh seo atá tugtha anseo agaibh. Beidh sé de dhualgas oraibhse ansin é (í) a oiliúint sa chreideamh sa chaoi go gcoimeádfar slán ó smál an pheaca an bheatha nua seo ann (inti) agus go neartófar í ó lá go lá. Dá bhrí sin, má tá sibh réidh as ucht bhur gcreidimh chun an dualgas seo a ghlacadh oraibh féin, tugaigí bhur mbaisteadh féin chun cuimhne, diúltaigí arís don pheaca agus admhaígí bhur gcreideamh in Íosa Críost: mar is é seo creideamh na hEaglaise agus is ann a bhaistear an leanbh.
Ceistíonn an ceiliúraí na tuismitheoirí agus na carais Chríost:

Ceiliúraí: An ndiultaíonn sibh do Shátan ?
Tuismitheoirí agus carais Chríost: Diúltaímid.

Ceiliúraí: Agus dá oibreacha go léir?
Tuismitheoirí agus carais Chríost: Diúltaímid.

Ceiliuraí: Agus dá chleasa go léir?
Tuismitheoirí: Diúltaímid.

Ceiliúraí: An gcreideann sibh i nDia an tAthair uilechumhachtach, cruthaitheoir neimhe agus talún?
Tuismitheoirí agus carais Chríost: Creidimid.

Ceiliúraí: An gcreideann sibh in Íosa Críost, a AonMhac-san, ár dTiarna, a rugadh ó Mhuire Ógh, a céasadh, a fuair bás agus a adhlacadh, a d'éirigh ó mhairbh, agus atá anois ina shuí ar dheis an Athar?
Tuismitheoirí agus carais Chríost: Creidimid.

Ceiliúraí: An gcreideann sibh sa Spiorad Naomh, sa Naomh- Eaglais chaitliceach, i gcomaoin na naomh, i maithiúnas na bpeacaí, in aiséirí na colainne agus sa bheatha shíoraí?
Tuismitheoirí agus carais Chríost: Creidimid.

I
Ceiliúraí: Is é seo ár gcreideamh. Is é seo creideamh na hEaglaise. Ábhar mórtais dúinn é a admháil in Íosa Críost ár dTiarna.
Pobal: Amen.

Is féidir foirmle eile a úsáid ina ionad sin, nó fós d'fhéadfadh an pobal a gcreideamh a chur in iúl trí iomann oiriúnach a chanadh.

An Baisteadh

Baisteann sé an leanbh ag rá dó/dí:

A (AINM), baistim thú in ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh.

Tar éis an leanbh a bhaisteadh moltar go gcanfadh an pobal gáir mholta.

An tUngadh le Criosma

Ceiliúraí: Dia uilechumhachtach, Athair ár dTiarna Íosa Críost, tá sé tar éis tú a shaoradh ón bpeaca agus tú a athghiniúint trí chumhacht an uisce agus an Spioraid Naoimh. Ungann sé thú anois le criosma an tslánaithe chun go mbainfeá an bheatha shíoraí amach mar bhall de phobal Chríost, an Sagart, an Fáidh agus an Rí. Ansin ungann an Ceiliúraí, agus é ina thost, an leanbh i mbaithis a chinn le criosma.
Pobal: Amen.

lnfheistiú le hÉadach Geal

Ceiliúraí: A (AINM), rinneadh créatúr nua díot agus chuir tú Críost umat féin. Bíodh an t-éadach geal seo ina chomhartha ar do ghradam mar Chríostaí. Coinnigh an gradam sin gan smál agus tú á neartú trí bhriathar agus trí shampla do mhuintire nó go mbainfidh tú an bheatha shíoraí amach. (Cuirtear ball éadaigh bán ar an leanbh ansin.)
Pobal: Amen.

Bronnadh na Coinnle Lasta

Ceiliúraí: Glacaigí solas Chríost.
Lasann duine éigin ón teaghlach (e.g., an t-athair nó an t-athair baistí) coinneal an linbh ó choinneal na Cásca. Deir an ceiliúraí:
• A thuismitheoirí agus a charasa Chríost, tugtar daoibhse an solas seo. Cumhdaigí é don leanbh chun go mairfeadh sé (sí) mar dhuine de chlann an tsolais agus solas Chríost á stiúradh i gcónaí. Go bhfana sé (sí) dílis don chreideamh ionas go mbeidh sé (sí) réidh chun dul in éineacht leis na naoimh in airicis an Tiarna ar neamh.

"Eph-pheta"

Cuireann an ceiliúraí a ordóg ar chluasa agus ar bhéal an linbh agus deir sé:
• Thug an Tiarna Íosa éisteacht do na bodhair agus labhairt do na bailbh. Go gcuire sé ar do chumas gan mhoill a bhriathar a thuiscint agus an creideamh a fhogairt chun onóra agus chun glóire Dé, ár nAthair.
Pobal: Amen.

Na Deasghnátha Deiridh

Ceiliúraí: tá Dia tar éis beatha nua a bhronnadh ar an leanbh seo sa bhaisteadh. Tugtar duine de chlann Dé air (uirthi) agus is duine de chlann Dé é (í) dáiríre. Bronnfar iomláine an Spioraid Naoimh air (uirthi) sa chóineartú, tiocfaidh sé (sí) i láthair altóir an Tiarna chun an tAifreann a cheiliúradh agus chun corp Chríost a ghlacadh agus i gcomhthionól na hEaglaise tabharfaidh sé (sí) a (h)Athair ar Dhia. Is sinne clann altrama Dé. Thar ceann an linbh seo abraimis le chéile an phaidir a mhúin Íosa féin dúinn:

Ár nAthair atá ar neamh
go naofar d'ainm,
go dtaga do ríocht,
go ndéantar do thoil ar an talamh
mar a níthear ar neamh.
Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
Agus maith dúinn ár bhfiacha,
mar a mhaithimidne dár bhfeichiúna féin,
agus ná lig sinn i gcathú,
ach saor sinn ó olc.
Amen.

An Bheannacht

Beannaíonn an ceiliúraí an mháthair, agus an leanbh ina bachlainn aici, ansin an t-athair agus ar deireadh an pobal uile:

Ceiliúraí: Tugann an Tiarna uilechumhachtach ábhar mór lúcháire do na máithreacha Críostaí trína Mhac a rugadh ó Mhuire Ógh, sa mhéid go bhfuil dóchas acu go mbainfidh a leanaí aoibhneas na beatha síoraí amach. Go mbeannaí sé máthair an linbh seo anois agus í ag gabháil buíochais leis as ucht na clainne atá tugtha aige di, agus go dtuga sé di féin agus dá clann bheith ag gábháil buíochais leis de shíor in Íosa Críost ár dTiarna.
Pobal: Amen.

Ceiliúraí: Is é an Tiarna Dia uilechumhachtach údar na beatha ar an saol abhus agus ar neamh. Go mbeannaí sé athair an linbh seo chun go mba é seo, in éineacht lena bhean, is túisce a thabharfaidh oiliúint sa chreideamh don leanbh, le briathar agus le dea-shampla.
Pobal: Amen.

Ceiliúraí: Is é an Tiarna Dia uilechumhachtach a thug an bheatha nua dúinn trí chumhacht an uisce agus an Spioraid Naoimh. Go mbeannaí sé a chlann mhac agus iníonacha atá anseo i láthair chun go mba bhaill bheo dá phobal iad i gcónaí agus i ngach áit. Go mbronna sé a shíocháin orthu go léir in Íosa Críost ár dTiarna.
Pobal: Amen.

Ceiliúraí: Go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh, Athair, Mac, agus Spiorad Naomh.
Pobal: Amen.

Má's féidir, is maith don phobal iomann oiriúnach a chanadh.