Old_Test.
(Menu)
Genesis
Exodus
Leviticus
Numbers
Deuteronomy

Joshua
Judges
Ruth
1Samuel
2Samuel
1Kings
2Kings
1Chronicles
2Chronicles
Ezra
Nehemiah
Esther

Psalms
Proverbs
Job
Ecclesiastes
Song

Isaiah
Jeremiah
Baruch
Ezekiel
Daniel
Hosea
Joel
Amos
Obadiah
Jonah
Micah
Nahum
Habbakuk
Zephaniah
Haggai
Zechariah
Malachi

Tobit
Judith
1Maccabees
2Maccabees
Sirach
Wisdom
New_Test.
(Menu)
Matthew
Mark
Luke
John
Acts

Romans
1 Corinthians
2 Corinthians
Galatians
Ephesians
Colossians
1 Thessalonians
2 Thessalonians
Philemon
1 Timothy
2 Timothy
Titus

Hebrews
James
1 Peter
2 Peter
1-3John
Jude
Revelation

Ἡ Καινὴ Διαθήκη

Josephus
(Menu)
Who was Josephus?
Maps, Graphics
Highlights
Translation

THE JEWISH WAR
War, Volume 1
War, Volume 2
War, Volume 3
War, Volume 4
War, Volume 5
War, Volume 6
War, Volume 7

THE ANTIQUITIES
Ant. Jud., Bk 1
Ant. Jud., Bk 2
Ant. Jud., Bk 3
Ant. Jud., Bk 4
Ant. Jud., Bk 5
Ant. Jud., Bk 6
Ant. Jud., Bk 7
Ant. Jud., Bk 8
Ant. Jud., Bk 9
Ant. Jud., Bk 10
Ant. Jud., Bk 11
Ant. Jud., Bk 12
Ant. Jud., Bk 13
Ant. Jud., Bk 14
Ant. Jud., Bk 15
Ant. Jud., Bk 16
Ant. Jud., Bk 17
Ant. Jud., Bk 18
Ant. Jud., Bk 19
Ant. Jud., Bk 20

OTHER WRITINGS
Apion, Bk 1
Apion, Bk 2
Autobiog.


Apocrypha
(Menu)
Introduction

Gospel of--
-- Nicodemus
-- Peter
-- Ps-Matthew
-- James (Protevangelium)
-- Thomas (Infancy)
-- Thomas (Gnostic)
-- Joseph of Arimathea
-- Joseph_Carpenter
Pilate's Letter
Pilate's End

Apocalypse of --
-- Ezra
-- Moses
-- Paul
-- Pseudo-John
-- Moses
-- Enoch

Various
Clementine Homilies
Clementine Letters
Clementine Recognitions
Dormition of Mary
Book of Jubilees
Life of Adam and Eve
Odes of Solomon
Pistis Sophia
Secrets of Enoch
Tests_12_Patriarchs
Veronica's Veil
Vision of Paul
Vision of Shadrach

Acts of
Andrew
Andrew & Matthias
Andrew & Peter
Barnabas
Bartholomew
John
Matthew
Paul & Perpetua
Paul & Thecla
Peter & Paul
Andrew and Peter
Barnabas
Philip
Pilate
Thaddaeus
Thomas in India

Daily Word 2019

SEASONS of:
Advent
Christmastide
Lent
Eastertide

SUNDAYS, Year A
Sundays, 1-34, A
SUNDAYS, Year B
Sundays, 1-34, B
SUNDAYS, Year C
Sundays, 1-34, C

WEEKDAYS
(Ordinary Time)
Weeks 1-11 (Year 1)
Weeks 1-11 (Year 2)

Wks 12-22 (Year 1)
Wks 12-22 (Year 2)

Wks 23-34 (Year 1)
Wks 23-34 (Year 2)

OTHER
Solemnities
Baptisms
Weddings
Funerals
Saints Days

Patristic
(Menu)


Clement of Rome

Ignatius of Antioch

Polycarp of Smyrna

Barnabas,(Epistle of)

Papias of Hierapolis

Justin, Martyr

The Didachë

Irenaeus of Lyons

Hermas (Pastor of)

Tatian of Syria

Theophilus of Antioch

Diognetus (letter)

Athenagoras of Alex.

Clement of Alexandria

Tertullian of Carthage

Origen of Alexandria

An Chéad Chomaoineach

An Chéad Chomaoineach

AN IONTRÁL

Iomann

Symbols which represent the childrens’ talents and interests are brought to the altar by (Names)

Ofráilimid na siombailí seo duit, a Thiarna, chun buíochas a ghabháil leat as ucht do ghrá dúinn.

Bláthanna: mar chomhartha d’áilleacht an domhain.
Pictiúr: mar thug tú talún na healaíona dúinn.
Bróga rince agus feadóg stáin: mar atá spéis againn sa cheol.
An Bíobla Naofa: mar is ann atá focail Íosa

Sagart: In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.
Pobal: Amen.
Sagart: Go raibh an Tiarna libh.
Pobal: Agus leat féin.

GNÍOMH AITHRÍ

Sagart: A phobal Dé, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne chun gurbh fhiú sinn na rúndiamhra naofa a cheiliúradh.
Pobal: Admhaím do Dhia uilechumhachtach agus daoibhse, a phobail, gur pheacaigh mé go trom, le smaoineamh agus le briathar, le gníomh agus le faillí, trí mo choir féin, trí mo choir féin, trí mo mhórchoir féin. Ar an ábhar sin, impím ar Naomh-Mhuire Síor-Ógh, ar na haingil agus ar na Naoimh agus oraibhse, a phobail, guí ar mo shon chun ár Tiarna Dia.
Sagart: Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dteoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
Pobal: Amen.
Sagart: Glóir do Dhia sna hArda
Pobal: Agus ar talamh síocháin do lucht dea-thola.
Molaimid thú; Móraimid thú; Adhraimid thú; Tugaimid glóir duit;
Gabhaimid buíochas leat as ucht do mhórghlóire;
A Thiarna Dia, a Rí na bhFlaitheas,
A Dhia a Athair uilechumhachtaigh.
A Thiarna, a Aonmhic, a Íosa Chríost.
A Thiarna Dia, a Uain Dé, Mac an Athar,
Tusa a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn;
Tusa a thógann peacaí an domhain, glac lenár nguí.
Tusa atá i do shuí ar dheis an Athar, déan trócaire orainn.
Óir is tú amháin is Naofa, is tú amháin is Tiarna;
Is tú amháin is Ró-Ard, a Íosa Críost,
mar aon leis an Spiorad Naomh, i nglóir Dé an tAthair.
Amen.

Sagart: A Dhia na cumhachta agus na trócaire, deonaigh an Spiorad Naomh teacht, seilbh a thógáil orainn agus teampall foirfe a ghlóire a dhéanamh dínn. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Pobal: Amen.

An Chéad Leacht (Ainm)

Sliocht as litir Naomh Eoin
Sa chéad léacht cuirtear i gcuimhne dúinn an méid grá is atá ag Dia dúinn, agus an acmhainn atá ionann grá a thaispeáint dá chéile.
Tugaimis grá dá chéile, mar gur ó Dhia an grá agus an té a thugann grá, is ó Dhia a rugadh é agus aithníonn sé Dia. Ós fíor gur thug Dia grá dúinne, nach mithid dúinne grá a thabhairt dá chéile. Má thugaimid grá dá chéile, maireann Dia ionainn.
Briathar an Tiarna.
Pobal: Buíochas le Dia.
Salm: Molaigí an Tiarna.

An Dara Léacht (Ainm)

Sliocht as Litir Naomh Pól
Sa dara léacht, foghlaimímid faoi thábhacht an ghrá.
Bíonn an grá foighneach agus bíonn sé lách. Ní bhíonn éad air, bíonn sé cneasta, cineálta agus sásta roinnt le daoine eile. Ní bhíonn sé ag troid nó droch mhúinte. Tá trí nithe ann atá buan más ea, creideamh, dóchas agus grá, agus is é grá an ceann is tábhachtaí. Briathar an Tiarna.
Pobal: Buíochas le Dia.

Iomann: Alleluia.

An Soiscéal

Sagart: Go raibh an Tiarna libh.
Pobal: Agus le do spiorad féin.
Sagart: Sliocht as an Soiscéal Naofa de réir N. Mátha.
Pobal: Glóir duit, a Thiarna.
Sagart: Cuireann An Soiscéal i gcuimhne dúinn an scéal mar gheall ar an súipéar deireanach.
Nuair a bhí an tráthnóna ann, shuigh sé chun boird in éineacht leis an dáréag deisceabal. Agus le linn dóibh bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris, agus á thabhairt do na deisceabail dó, dúirt: Tógaigí, ithigí: is é seo mo chorp.” Agus thóg sé cupa, agus ar altú dó, thug dóibh é ag rá: “Ólaigí uile as seo, óir is í seo m’fhuilse an tiomna, atá le doirteadh ar son móran chun peacaí a mhaitheamh. Deirim libh, ní ólfaidh mé as seo amach den sú seo na finiúna go dtí an lá sin a nólfaidh mé ina fhíon nua libhse é i Ríocht m’Athar.”
Sagart: Soiscéal an Tiarna.
Pobal: Moladh duit a Chríost.

Aitheasc: (an sagart)

Guí An Phobail

Sagart: A Dhia, dúirt tú linn go mbéifeá ann dúinn. Le creideamh, iarraimid ort anois éisteacht lenár bpaidreacha. Cuirim fáilte anois roimh (Ainmeacha) chun guí an phobial a léamh.

Ainm: Guimís ar son na síochána, go mbeidh síocháin sa tír seo agus idir gach tír sa domhan. A Thiarna, éist linn..
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Ainm: Guimís ar son na ndaoine bochta sa domhan. Cabhraigh linn smaoineamh faoi na daoine gan bhia agus gan deoch. A Thiarna, éist linn..
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Ainm: Guimís ar son ár ngaolta agus ár gcairde atá imithe ar shlí na fírinne. Go dtuga Dia slán abhaile iad go dtí a theach ar neamh. A Thiarna, éist linn..
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Ainm: A Thiarna, is áit an-tábhachtach í an scoil. Cabhraigh linn taitneamh a bhaint as ár laethanta inti. Cabhraigh linn ár gceachtanna a fhoghlaim go maith agus do ghrá a thaispeáint dá chéile i gconaí. A Thiarna, éist linn..
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Ainm: A Dhia, thug tú na sagairt, na hEaspaig agus an Pápa dúinn. Táimid buíoch díot mar tugann siad cabhair dúinn. Gúimis go speisialta ar son an sagart atá linn inniu. A Thiarna, éist linn..
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Ainm: Guímis ar son páistí na scoile seo. Cabhraigh linn ár saol a chaitheamh ar nós Íosa. A Thiarna, éist linn.
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Ainm: Guimís ar son gach duine atá tinn. Go dtuga Dia deashláinte dóibh go léir. A Thiarna, éist linn..
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Ainm: Guimís ar son ár dtuismitheoirí. Cabhraigh leo san obair dhian atá á dhéanamh acu linn. Cuir do bheannacht orthu mar a bheannaigh tú tuismitheoirí Íosa, Muire agus Iosaef. A Thiarna, éist linn..
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

An Ofráil

Iomann: Ag Críost an tSíol.
(Iompóidh Ainm agus Ainm na bronntanais go dtí an altóir)
Sagart: Is beannaithe thú a Thiarna, a Dhia na cruinne mar gur bhronn tú orainn an t-arán seo a ofrálaimid duit. An talamh agus saothar an duine a thugann é mar thoradh agus déanfar de arán na beatha dúinn.
Pobal: Moladh go deo le Dia.

Sagart: Is beannaithe thú a Thiarna, a Dhia na cruinne mar gur bhronn tú orainn an fhiona seo a ofrálaimid duit. A fhíniúin agus saothar an duine a thugann é mar thoradh agus déanfar de deoch spioradálta dúinn.
Pobal: Moladh go deo le Dia.

Sagart: Guigí, a phobal Dé, go nglaca Dia an tAthair uilechumhachtach leis an íobairt seo uaimse agus uaibhse.
Pobal: Go nglaca an Tiarna leis an íobairt seo ó do lámha chun onóra agus glóire a ainm, agus chun sochair dúinne agus dá naomh eaglais uile.

Sagart: A Athair, bailimid ós do chomhair le háthas ar an lá seo. Tugaimid arán agus fíon don Aifreann. Gheobhaimís uait ina n-áit corp agus fuil do Mhic Íosa Chríost. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Pobal: Amen.

An Preafáid

Sagart: Go raibh an Tiarna libh.
Pobal: Agus le do spiorad fein.
Sagart: Tógaigí bhur gcroíthe in airde.
Pobal: Tá siad tógtha in airde chun an Tiarna againn.
Sagart: Gabhaimís buíochas leis an Tiarna Dia.
Pobal: Is ceart agus is cóir sin.

Sagart: Gabhaimid buíochas leat, a Dhia ár nAthair. Is tú an Dia beo. Tá glaoite agat orainn chun a bheith páirteach i do bheatha, agus chun a bheith sona i do chuideachta go brách. Thóg tú Íosa, do Mhac, an chéad duine againn le héirí ó na mairbh, agus thug tú beatha úrnua dó.
Tá gealta agat beatha úrnua a thabhairt dúinne freisin, beatha nach dtiocfaidh deireadh léi choíche, beatha gan bhuaireamh, gan bhrón. Dá bhrí sin, a Athair, is le fonn a thugaimid buíochas duit mar aon le gach aon duine a chreideann ionat. Leis na naoimh agus leis na haingil, déanaimid lúchair agus molaimid thú, á chanadh:

Sanctus: Is naofa, naofa thú.
Is naofa naofa thú, is naofa naofa thú,
A Thiarna Dia a Athair na slua,
Is naofa, naofa thú.
Tá neamh agus talamh lán de do ghlóir.
Hosanna sna harda
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna.
Hosanna sna harda

Sagart: Sea, a Thiarna, is tú atá naofa. Bíonn tú cineálta linne agus le gach aon duine. Tugaimid buíochas duit ar a shon sin. Tugaimid buíochas duit go mór mór ar son do Mhic, Íosa Críost.
Thug seisean chugainn deá-scéala na beatha síoraí i do chuideachta ar Neamh. Thaispeáin sé dúinn an tslí chun na beatha sin, slí an ghrá. Shiúil seisean an tslí sin romhainn. Tugann sé le chéile anois sinn chun an aon bhoird agus iarrann sé orainn a ndearna sé féin a dhéanamh.
A Athair, iarraimid ort na tabhartais seo a bheannú agus a naomhú.
Déan díobh ar ár son Corp agus + Fuil do mhic, Íosa Chríost.
An oíche sula bhfuair sé bás ar ár son, bhí sé ag caitheamh suipéar den uair dheiridh lena dheisceabail. Ghlac sé an t-arán agus thug buíochas duit. Bhris sé an tarán agus thug dá chairde é, á rá:
GLACAÍGI AGUS ITHIGÍ UILE AS SEO:
ÓIR IS É SEO MO CHORP A THABHARFAR AR BHUR SON.
Ar an gcaoi chéanna, thóg sé cailís fíona. Thug sé buíochas duit agus thug dá dheisceabail í, á rá:
GLACAIGÍ AGUS ÓLAÍGÍ UILE AISTI SEO:
ÓIR IS Í SEO CAILÍS MO CHUID FOLA,
FUIL AN NUATHIOMNA SHÍORAÍ.
DOIRTFEAR Í AR BHUR SON AGUS AR SON MORÁIN
CHUN MAITHIÚNAS NA bPEACAÍ.
DÉANAIGÍ É SEO I gCUIMHNE ORMSA.
Sagart: Fógraímis rúndiamhair an chreidimh.
Cór: A Íosa fuair tú bas ar ár son; d’éirigh tú ó na mairbh; tiocfaidh tú arís.

Sagart: A Dhia, ár nAthair, cuimhnímid le lúcháir ar a ndearna Íosa chun sinn a shlánú. San íobairt bheannaithe seo a thug sé mar bhronntanas dá Eaglais, cuimhnímid ar a bhás agus ar a aiséirí. A Athair ar Neamh glac sinn, mar aon le do Mhac ionúin. Fuair sé bás dá dheoin féin ar ár son, ach thóg tusa ó mhairbh arís é. Tugaimid buíochas duit á rá:
Pobal: Glóir do Dhia sna hArda.
Sagart: Maireann Íosa faoi ghlóir mar aon leat anois ach tá sé freisin inár measc anseo ar an domhan..Tugaimid buíochas duit á rá:
Pobal: Glóir do Dhia sna hArda.
Sagart: Tiocfaidh sé faoi ghlóir lá éigin agus ní bheidh dólás ná deora ná dobhrón ina ríocht. Tugaimid buíochas duit, á rá.
Pobal: Glóir do Dhia sna hArda.

Sagart: A Athair atá ar Neamh, tá glaoite agat orainn chun Corp agus Fuil Chríost a ghlacadh ag an mbord seo, agus chun go líonfaí sinn le haoibhneas an Spioraid Naoimh. Tríd an mbéile beannaithe seo tabhair neart dúinn tú a shásamh níos mó agus níos mó. A Thiarna, ár nDia, cuimhnigh ar ár bPápa, Francis ár neaspaig Diarmuid agus Fiachra, agus ar na hEaspaig uile. Líon gach Críostaí le haoibhneas na Cásca. Cabhraigh linn an t-aoibhnas seo a thabhairt do gach aon duine atá faoi bhrón. Tabhair sinn uile faoi dheireadh, mar aon le Muire, Mathair dé, agus leis na naoimh go léir, chun maireachtáil in éineacht leat agus a bheith aontaithe le Críost ar neamh.
Is tríd agus leis agus ann a thugtar gach onóir agus glóir duitse, a Dhia, an tAthair uilechumhachtach, in aontacht an Spioraid Naoimh, trí shaol na saol.
Pobal: Amen.
Sagart: Guimís chun an Athar faoi mar a mhúin ár Slánaitheoir dúinn a dhéanamh:

Iomann: Ár nAthair atá ar neamh...

Sagart: Saor sinn ó gach olc, impimíd ort, a Thiarna. Tabhair dúinn síocháin lenár linn, ionas go mbeimíd, le cabhair do thrócaire, saor ón bpeaca i gcónaí agus slán ón uile buairt agus sinn ag súil go lúcháireach le teacht ár Slánaitheora, Íosa Críost.
Pobal: Óir is leatsa an ríocht agus an chumhacht agus an ghlóir trí shaol na saol.
Sagart: A Thiarna, Íosa Críost, a dúirt le d’Aspail: Fágaim síocháin agaibh, tugaim daoibh mo shíocháin: ná féach ar ár bpeacaine ach ar chreideamh d’Eaglaise. Tabhair síocháin di agus aontaigh í le chéile, faoi mar is toil leat féin, tusa a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol.
Pobal: Amen.

Sagart: Síocháin an Tiarna libh i gcónaí.
Pobal: Agus leat féin.
Sagart: Cuirigí in iúl dá chéile go bhfuil síocháin eadraibh.

Iomann: Shalom.
Iomann: A Uain Dé.

Sagart: Is é seo Íosa agus tá na páistí seo chun é a ghlacadh don chéad uair. Is iontach dúinn a bhfuil cuireadh againn chun glacadh leis.
Pobal: A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon ach abairse an focal agus leigheasfar m’anam.

Paidir na bpáistí roimh Chomaoineach

A Thiarna Íosa, a chara na bpáistí, tar chugam.
A Thiarna Íosa, is tú mo Thiarna agus mo Dhia.
Moladh leat, a Thiarna Íosa Críost.
Glacann na paistí an Chéad Chomaoineach

Paidir tar éis Comaoineach

Táim réidh anois, a Thiarna Íosa, tá grá agam go leor.
Táim réidh anois le do ghrá a thabhairt sa bhaile is don saol mór.
Amen

Sagart: A Dhia an ghrá, feicimid comharthaí do ghrá agus do mhaitheasa timpeall orainn gach lá. Beannaigh na leanaí seo a bhí páirteach in Arán na Beatha inniu. Go raibh siad eolach ar do ghrá agus ar do chosaint. Go bhfoghlaimí siad ó ghrá agus ó shaol Íosa, do mhac. Iarraimid é seo trí Chríost ár dTiarna.
Pobal: Amen
Sagart: Go raibh an Tiarna libh.
Pobal: Agus leat féin.
Sagart: Go raibh aithne níos fearr agaibh ar Dhia agus grá níos buaine dó de thoradh an Aifrinn seo agus go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh, Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
Pobal: Amen.
Sagart: Tá an tAifreann thart. Imigí faoi shíocháin chun grá agus seirbhís a thabhairt don Tiarna.
Pobal: Buíochas le Dia.

Iomann: Gaudeamus Hodie


{{ÁR MBUÍOCHAS
Ba mhaith le na páistí de rang a dó buíochas ó chroí a ghabháil leis na daoine seo a leanas: }}