Old_Test.
(Menu)
Genesis
Exodus
Leviticus
Numbers
Deuteronomy

Joshua
Judges
Ruth
1Samuel
2Samuel
1Kings
2Kings
1Chronicles
2Chronicles
Ezra
Nehemiah
Esther

Psalms
Proverbs
Job
Ecclesiastes
Song

Isaiah
Jeremiah
Baruch
Ezekiel
Daniel
Hosea
Joel
Amos
Obadiah
Jonah
Micah
Nahum
Habbakuk
Zephaniah
Haggai
Zechariah
Malachi

Tobit
Judith
1Maccabees
2Maccabees
Sirach
Wisdom
New_Test.
(Menu)
Matthew
Mark
Luke
John
Acts

Romans
1 Corinthians
2 Corinthians
Galatians
Ephesians
Colossians
1 Thessalonians
2 Thessalonians
Philemon
1 Timothy
2 Timothy
Titus

Hebrews
James
1 Peter
2 Peter
1-3John
Jude
Revelation

Ἡ Καινὴ Διαθήκη

Josephus
(Menu)
Who was Josephus?
Maps, Graphics
Highlights
Translation

THE JEWISH WAR
War, Volume 1
War, Volume 2
War, Volume 3
War, Volume 4
War, Volume 5
War, Volume 6
War, Volume 7

THE ANTIQUITIES
Ant. Jud., Bk 1
Ant. Jud., Bk 2
Ant. Jud., Bk 3
Ant. Jud., Bk 4
Ant. Jud., Bk 5
Ant. Jud., Bk 6
Ant. Jud., Bk 7
Ant. Jud., Bk 8
Ant. Jud., Bk 9
Ant. Jud., Bk 10
Ant. Jud., Bk 11
Ant. Jud., Bk 12
Ant. Jud., Bk 13
Ant. Jud., Bk 14
Ant. Jud., Bk 15
Ant. Jud., Bk 16
Ant. Jud., Bk 17
Ant. Jud., Bk 18
Ant. Jud., Bk 19
Ant. Jud., Bk 20

OTHER WRITINGS
Apion, Bk 1
Apion, Bk 2
Autobiog.


Apocrypha
(Menu)
Introduction

Gospel of--
-- Nicodemus
-- Peter
-- Ps-Matthew
-- James (Protevangelium)
-- Thomas (Infancy)
-- Thomas (Gnostic)
-- Joseph of Arimathea
-- Joseph_Carpenter
Pilate's Letter
Pilate's End

Apocalypse of --
-- Ezra
-- Moses
-- Paul
-- Pseudo-John
-- Moses
-- Enoch

Various
Clementine Homilies
Clementine Letters
Clementine Recognitions
Dormition of Mary
Book of Jubilees
Life of Adam and Eve
Odes of Solomon
Pistis Sophia
Secrets of Enoch
Tests_12_Patriarchs
Veronica's Veil
Vision of Paul
Vision of Shadrach

Acts of
Andrew
Andrew & Matthias
Andrew & Peter
Barnabas
Bartholomew
John
Matthew
Paul & Perpetua
Paul & Thecla
Peter & Paul
Andrew and Peter
Barnabas
Philip
Pilate
Thaddaeus
Thomas in India

Daily Word 2019

SEASONS of:
Advent
Christmastide
Lent
Eastertide

SUNDAYS, Year A
Sundays, 1-34, A
SUNDAYS, Year B
Sundays, 1-34, B
SUNDAYS, Year C
Sundays, 1-34, C

WEEKDAYS
(Ordinary Time)
Weeks 1-11 (Year 1)
Weeks 1-11 (Year 2)

Wks 12-22 (Year 1)
Wks 12-22 (Year 2)

Wks 23-34 (Year 1)
Wks 23-34 (Year 2)

OTHER
Solemnities
Baptisms
Weddings
Funerals
Saints Days

Patristic
(Menu)


Clement of Rome

Ignatius of Antioch

Polycarp of Smyrna

Barnabas,(Epistle of)

Papias of Hierapolis

Justin, Martyr

The Didachë

Irenaeus of Lyons

Hermas (Pastor of)

Tatian of Syria

Theophilus of Antioch

Diognetus (letter)

Athenagoras of Alex.

Clement of Alexandria

Tertullian of Carthage

Origen of Alexandria

Deasghnátha na Pósta

Deasghnátha na Pósta

Deasghnátha Iontrála

Liotúirge an Bhriathair

Liotúirge an Chleamhnais

Liotúirge na hEócairiste

Deasghnátha na Comaoineach

Beannachtaí Deiridh


Deasghnátha Iontrála

Beannaíonn an sagart don lánún ag an altóir. Deirtear nó cantar an loinneóg iontrála, nó cantar iomann.

Loinneog íontrála Sm 19:3, 5
Go gcuire an Tiarna cúnamh chugaibh ó'n Sanctóir agus go gcosnaí sé sibh ó Sión. Go dtuga sé mianta bhur gcroí daoibh; agus go gcuire sé an rath ar bhur mbearta go léir.

An Bheannú

S: In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.
P: Amen.
S: Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir
P: Agus leat féin.

An Gníomn Aithrí

Spreagann an sagart an pobal chun aithrí:

S: A bhráithre, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne chun go mb’fhiú sinn an tAifreann a cheiliuradh.
Bíonn tost gairid ann. Ansin deir cach an phaidir chéanna ag iarraidh maithiúinais

Sagart agus pobal le chéile:
Admhaím do Dhia uilechumhachtach agus daoibhse, a bhráithre, gur pheacaigh me go trom le smaoineamh agus le briathar, le gníomh agus le faillí, trí mo choir féin, trí mo choir féin, trí mo mhórchoir féin.
Ar an ábhar sin, impím ar Naomh Mhuire síor-Ogh, ar na haingil agus ar na naoimh, agus oraibhse, a bhráithre, guí ar mo shon chun an Tiarna Dia.
S: Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
P: Amen.

S: A Thiarna, déan trócaire.
P: A Thiarna, déan trócaire.
S: A Chríost, déan trócaire.
P: A Chríost, déan trócaire.
S: A Thiarna, déan trócaire.
P: A Thiarna, déan trócaire.

An Glóir

S: Glóir do Dhia sna harda,
Agus ar talamh síocháin to lucht a pháirte
Molaimid thú.
Móraimid thu.
Adhraimid thú,
Tugaimid glóir duit.
Agus ar talamh síocháin do lucht a pháirte.
Gabhaimid buíochas leat as ucht do mhórghlóire.
A Thiarna Dia, a rí na bhflaitheas,
A Dhia a Athair uilechumhachtaigh.
A Thiarna, a Aon Mhic, A losa Críost.
A Thiarna Dia, a Uain Dé, Mac an Athar.
Tusa a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn.
Tusa a thógann peacai an domhain, glac lenár nguí.
Tusa atá i do shuí ar dheis an Athar, déan trócaire orainn.
Oir is tú amháin is naofa. is tú amháin is Tiarna.
Is tú amháin is ró-árd, a Íosa Críost,
mar aon leis an Spiorad Naomh i nglóir Dé an tAthair. Amen.

Paidir an Lae

S: Guímis.
A Athair shíorraí, Cruthaitheoir na beatha agus foinse gach aon grá atá buan agus fiontasach, éist len guihe ar son ár gcáirde A. agus A. ar ócáid an phósadh atá á cheangail acu. Ceangail iad le chéile go fial is sacraimint an chleamhnais, agus deonaigh go mbéidh an grá go torthuil eatortha, ionas gur féidir leó fianaise a thabhairt dod' gr diaga féin ins and saol seo. Iarraimid sin ort trí do Mhac muirneach féin, Íosa Chriost, a mhaireann agus a rialaíonn leatsa, mar aon leis an Spiorad Naomh, tri shaol na saol.... Amen.

*

Liotúirge an Bhriathair

Léitear trí shliocht as an mBíobla Naofa. Bíonn homaile tar éis an tSoiscéil.

Sean Tiomna

Litreacha den Nua Thiomna

    Rómhánaigh 8:31-35, 37-39 (Má tá Dia ar ár son...)

    Rómhánaigh 12:1-2, 9-18 (Bíodh grá agaibh dá chéile)

    Corantaigh 12:31-13:8 (An Grá Uasal)

Sliocht de'n Soiscéal

    Matha 5:1-12 (Na Suáilcí Críostaí - Na Biáide)

    Matha 19:3-6 (An ní a cheangail Dia ná scaoileadh duine é)

    Eoin 2:1-11 (An Pósadh i gCána)

*

Sliocht as Leabhar na Seanfhocail

(31:10-23 ...An Bhean gan Cháim)

Bean chéile gan cháim, cé ar féidir leis í a fháil? Is luachmhaire í ná péarlaí. Is inti a chuireann a fear a mhuinín go léir, agus ní bhéidh aon cheal brabaigh air dá barr. Ní dochar ach sochar a dhéanfaidh sí dó ar feadh a saoil.
Lorgann sí olann agus líon, agus oibríonn sí go dícheallach lena lámha. Is geall le hárthach ceannaí í agus í ag tabhairt a cuid bia ón imigéin. Déanann sí mochóirí roimh lá agus tugann bia dá teaghlach, agus riarann a gcúraimí ar a cuid ionailtí. Déanann sí gort a iniúchadh agus é a cheannach; cuireann sí fíonghort lena mbíonn saothraithe aici lena lámha. Cuireann sí a neart mar chrios faoina coim, agus taispeánann fuinneamh a géag. Feiceann sí gur maith is fiú é a saothar agus ní mhúchtar a lampa san oíche.
Coinníonn sí an coigeal ina láimh agus beireann a méireanna ar an bhfearsad. Caitheann sí go fial leis an duine dearóil, agus tugann sí déirc don duine bocht. Ní eagla léi sneachta a theacht ar a teaghlach, mar go bhfuil éadach [cluthair] ar a seirbhísigh go léir. Déanann sí a cuilteanna féin, agus bíonn línéadach mín agus éidí corcra uimpi. Bíonn a fear céile faoi dhea-mheas ag geataí na cathrach, nuair a shuíonn sé i gcomhluadar sheanóirí na tíre.

Sin é Briathar Dé

*

Sliocht as Litir Naoimh Póil, chuig na Rómhánaigh

(Róm 8:31-35, 37-39 ..Má tá Dia ar ár son, cad a cuifear amú sinn?)

Cad a déarfaimid faoin méid sin, más ea? Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne? Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn ina theannta chomh maith?
Agus cé a dhéanfaidh lucht tofa Dé a chúisiú? Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh, atá fós ar dheis Dé agus atá ag idirghuí ar ár son? Cé a scarfaidh ó ghrá Chríost sinn? Trioblóid an ea? nó cruatan, nó géarleanúint, nó gorta, nó nochtacht, nó guais, nó an claíomh féin?
Ach sna cúrsaí seo go léir, beirimid an bua go caithréimeach tríd an té úd a thug grá dúinn. Mar táim cinnte dearfa de nach bhféadfaidh bás ná beatha, aingil ná prionsaí ná cumhachtaí, nithe atá ann anois ná nithe atá le teacht, an domhan thuas ná an domhan thíos, ná dúil chruthaithe ar bith eile sinn a scaradh ó ghrá Dé atá in Íosa Críost ár dTiarna.

Sin é Briathar Dé


Sliocht as Litir Naoimh Póil, chuig na Rómhánaigh

(Rómhánaigh 12 .. Bíodh grá agaibh dá chéile)

A bhráithre, táim á iarraidh oraibh as ucht trócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n-íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n-adhradh spioradálta. Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n-aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.
Bíodh bhur ngrá saor ón gcur i gcéill; bíodh fuath agaibh don olc agus cloígí leis an maith. Bíodh grá bráthar agaibh dá chéile agus tugaigí tús urraime dá chéile; bígí dúthrachtach gan leisce, ar lasadh leis an Spiorad, agus ag seirbhís don Tiarna. Bígí suairc le dóchas, seasmhach faoi thrioblóid, ag guí gan staonadh, ag tabhairt riar a gcáis do na naoimh, agus ag cleachtadh na féile.
Beannaígí bhur ngéarleantóirí - is ea, bíodh an bheannacht agaibh dóibh in áit na mallachta. Bígí lúcháireach le lucht na lúcháire agus dobrónach le lucht an dobróin. Bígí báúil le cách agus in ionad a bheith ardnósach déanaigí caidreamh leis na daoine ísle. Ná héirigí teann as bhur gcuid gaoise féin. Ná himrígí cor in aghaidh an chaim ar aon duine ach an rud uasal a bheith mar aidhm agaibh os comhair an tsaoil. Más féidir é, chomh fada le bhur ndícheall, mairigí go síochánta le cách uile.

Sin é Briathar Dé

*

Sliocht as Céad Litir Naomh Pól chuig na Corantaigh

(Corantaigh 12:31-13:8 ..An Grá Uasal)

Is ar na tíolacthaí is tábhachtaí ba cheart tóir a bheith agaibh agus táimse chun ríbhealach a thaispeáint daoibh.

Má labhraím i dteangacha daoine agus aingeal ach gan aon ghrá a bheith agam, níl ionam ach mar a bheadh prás ag fuaimneach nó ciombail ag clingeadh.
Má tá bua fáidheoireachta agam, eolas ar gach rúndiamhair agus fios gach ní agam agus oiread lánchreidimh agam agus a d'aistreodh na sléibhte ach gan aon ghrá a bheith agam, is neamhní mé.
Má roinnim amach mo mhaoin shaolta go léir, agus má thugaim suas mo chorp le dó ach gan aon ghrá a bheith agam, ní aon tairbhe dom é.
Bíonn an grá foighneach agus bíonn sé lách; ní bhíonn éad air; ní dhéanann sé maíomh ná mórtas; ní bhíonn sé mímhúinte ná leithleasach, míchéadfach ná agrach. Ní áil leis an éagóir ach is aoibhinn leis an mhaith. Bíonn sé lán d'fhadfhulaingt, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán d'fhoighne. Ní áil leis an éagóir ach is aoibhinn leis an mhaith. Bíonn sé lán d'fhadfhulaingt, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán d'fhoighne.

Rachaidh an fháidheoireacht ar ceal, rachaidh na teangacha dá dtost, agus rachaidh an t-eolas ar neamhní, ach ní rachaidh an grá i léig go deo.

Sin é Briathar Dé

*

Sliocht as an Soiscéal Naofa, de réir Naomh Matha

(Matha 5:1-12 ..Na Suáilcí Críostaí - Na Biáide)

Nuair a chonaic sé na sluaite, chuaigh sé an sliabh suas. Shuigh sé síos agus tháinig a dheisceabail chuige. Thosaigh sé ag caint leo á dteagasc agus dúirt:
"Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas.
"Is méanar do lucht an dobróin, óir sólásófar iad.
"Is méanar dóibh seo atá ceansa, óir gheobhaidh siad an talamh mar oidhreacht.
"Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad.
"Is méanar do lucht na trócaire, óir déanfar trócaire orthu.
"Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia.
"Is méanar do lucht síochána a dhéanamh, óir glaofar clann Dé orthu.
"Is méanar dóibh seo a d'fhulaing géarleanúint mar gheall ar an bhfíréantacht, óir is leo ríocht na bhflaitheas.
"Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus nuair a chuirfear gach sórt drochrud in bhur leith go bréagach mar gheall ormsa. "Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh.

Sin é Briathar Dé

*

Sliocht as an Soiscéal Naofa, de réir Naomh Matha

(Matha 19:3-6 .. An ní a cheangail Dia ná scaoileadh duine é)

Tháinig Fairisínigh chuige agus dúirt leis, ag baint trialach as: "An dleathach do dhuine a bhean a scaoileadh uaidh ar gach uile shórt cúise?" D'fhreagair sé agus dúirt:
"Nár léigh sibh go ndearna an Cruthaitheoir ó thús iad fireann agus baineann agus go ndúirt: 'Mar gheall air sin, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith go dlúth i bpáirt lena bhean, agus aon cholainn amháin a bhéidh sa bheirt acu.'
Dá réir sin, ní beirt iad feasta ach aon cholainn amháin. Dá bhrí sin, an ní a cheangail Dia ná scaoileadh duine é."

Sin é Briathar Dé

*

Sliocht as an Soiscéal Naofa, de réir Naomh Eoin

(Eoin 2:1-11 ..An Pósadh i gCána)

An tríú lá bhí pósadh i gCána sa Ghailíl agus bhí máthair Íosa ann. Fuair Íosa cuireadh chun an phósta freisin, agus a dheisceabail.
Chuaigh den fhíon agus dúirt a mháthair le Íosa: "Níl aon fhíon acu." Dúirt Íosa léi: "Cad ab áil leat díom, a bhean? Níl m'uairse tagtha fós." Dúirt a mháthair leis an lucht freastail: "Déanaigí cibé ní a déarfaidh sé libh." Bhí sé soithí cloiche ansiúd le haghaidh íonghlanadh de réir nós na nGiúdach; choinneoidís a dó nó a trí de mheadair an ceann. Dúirt Íosa leo: "Líonaigí na soithí suas le huisce."Agus líon siad go béal iad.
Dúirt sé leo: "Tarraingígí as feasta agus beirigí go dtí máistir na fleá é." Rug siad, agus nuair a bhlais máistir na fleá an t-uisce ina fhíon, agus gan a fhios aige cár tháinig sé as (bhí a fhios, áfach, ag an lucht freastail a tharraing an t-uisce) ghlaoigh an máistir ar an bhfear nuaphósta, agus dúirt leis: "Cuireann gach duine an fíon maith ar an gclár ar dtús agus nuair a bhíonn siad ar meisce, an dara grád. Ach choinnigh tusa an fíon maith go dtí anois."
Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl, agus thaispeáin sé a ghlóir agus chreid a dheisceabail ann.

Sin é Briathar Dé

*

Liotúirge an Chleamhnais

Seasann an pobal go léir.

Sagart: "A chlann dhílis Dé, tá sibh tar éis teacht go dtí an eaglais seo chun go mbuailfeach Dia séala naofa ar bhur ngrá i láthair an tsagairt agus an phobail seo. Cuireann Críost a bheannacht ar an ngrá seo. Tá sé tar éis sibh a choisreacan cheana fein sa bhaisteadh agus anois cabhraíonn sé libh le sacraimint ar leith, chun go gcómhlíonfadh sibh dualgais an phósta.
Is cuing naofa é an pósadh Críostaí agus cuireann sé bláth ar an ngrá nádúrtha. Ceanglaíonn sé orthu siúd a bhíonn páirteach ann bheith dílis dá chéile go deo. Bunaíonn sé eatarthu ceangal a mhaireann ar feadh a saoil agus nach féidir a bhriseadh. Mar chabhair dóibh ina bpósadh dáiltear ar an lánúin grásta buanseasmhach na sacraiminte."

Ceistíonn an sagart an lánúin

Sagart: A. agus A., tá sibh ar tí an tsacraimint seo a cheiliúradh. Ar tháinig sibh anseo de bhur ndeoin féin go hiomlán chun sibh féin a thabhairt dá chéile sa phósadh?
Freagra: Thángamar.
Sagart: An mbéidh grá agus meas agaibh ar a chéile ar feadh bhur saoil mar fhear céile agus mar bhean chéile?
Freagra: Béidh.
Sagart: An nglacfaidh sibh le cibé leanaí a chuirfidh Dia chugaibh agus an dtógfaidh sibh iad de réir dhlí Chríost agus na hEaglaise?
Freagra: Déanfaimid.

Dearbhú Toilteanais

Sagart: Tugaim cuireadh daoibh dearbhú ós cómhair Dé agus na hEaglaise gurb é bhur dtoil é go ndéanfaí fear céile agus bean chéile dibh.
Fear: A {Ainm}, an toil leatsa bheith i do bhean chéile agamsa?
Brídeóg: Is toil. A {Ainm}, an toil leatsa bheith i d’fhear céile agamsa?
Fear: Is toil. Glacaim leat mar bhean chéile agus bronnaim me féin ort mar fhear céile
Brídeóg: Glacaim leat mar thear céile agus bronnaim me féin ort mar bhean chéile
deireann siad in éineacht:
chun grá a thabhairt dá chéile go dilis,
má's fearr sinn, má's measa,
má's saibhir, má's bocht,
má's tinn nó má's slán
go scara an bás sinn.

Sagart: An ní a cheanglaíonn Dia, ná scaoileadh duine é.
Go neartaí Dia leis an toil atá tugtha agaibh dá chéile
agus go mbronnaí sé go fial oraibh a bheannacht.

Beannú na bhFáinní

Sagart: Go mbeannaí Dia na fáinní seo mar chomhartha bhur ngrá agus bhur ndílseacht.

Cuireann an fear fáinne na mná ar a mhéar, leis na bhfocail:
A {Ainm}, caith an fáinne seo mar chomhartha ár ngrá agus ár ndílseacht.
In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.

Cuireann an bhrídeóg fáinne an fhir ar a mhéar, leis na bhfocail céanna

Coinneall na pósta

Lasann siad araon choinneall na pósta mar comhartha aontais and bheirt.

Guí an Phobail

[Is féidir don chúpla na guíonna a ullmhú agus daoine a animniú chun iad a léamh amach]

*

Paidir Eocairisteach 2

Leanann liotúirge na h-eócairiste ar aghaidh mar is gnáth, ó leabhar an Aifrinn.

A Thiarna Dia, is naofa thú go fírinneach; is tú tobar na naofachta go léir. Naomhaigh, mar sin, impímid ort, na bronntanais seo le drúcht do Spioraid, chun go ndéanfaí díobh inár gcomhair Corp agus † Fuil ár dTiarna, Íosa Críost. D'fhulaing sé an pháis dá dheoin féin; agus nuair a bhí sé á thabhairt suas chun a chéasta, thóg sé an t?arán, ghabh sé buíochas leat, bhris an t'arán, agus thug dá dheisceabail é, á rá:
GLACAIGÍ AGUS ITHIGÍ UILE É SEO; ÓIR IS É SEO MO CHORP A THABHARFAR AR BHUR SON.

Ar an gcaoi chéanna, tar éis an tsuipéir, thóg sé an chailís, ghabh sé buíochas leat arís, agus thug dá dheisceabail í, á rá:
GLACAIGÍ AGUS ÓLAIGÍ UILE AISTI SEO; ÓIR IS Í SEO CAILÍS MO CHUID FOLA, FUIL AN NUATHIOMNA SHÍORAÍ. DOIRTFEAR Í AR BHUR SON AGUS AR SON AN CHINE DHAONNA CHUN MAITHIÚNAS NA bPEACAÍ. DÉANAIGÍ É SEO I gCUIMHNE ORMSA.

S Fógraímis rúndiamhair an chreidimh.
P A Íosa, fuair tú bás ar ár son,
D'éirigh tú ó na mairbh,
Tiocfaidh tú arís.

Dá réir sin, a Thiarna Dia, ag cuimhneamh dúinn ar bhás agus ar aiséirí Chríost, ofrálaimid duit arán na beatha agus cailís an tslánaithe, agus gabhaimid buíochas leat toisc gurbh fhiú leat sinn a bheith inár seasamh i do láthair ag fónamh duit. Iarraimid go humhal ort go n-aontófaí le chéile, le cumhacht an Spioraid Naoimh, sinne atá páirteach i gCorp agus i bhFuil Chríost.
Tabhair chun cuimhne, a Thiarna Dia, d'Eaglais ar fud an domhain, neartaigh sa charthanacht í, i gcuideachta lenár bPápa A., agus lenár nEaspag A., agus leis an gcléir uile.
Cuimhnigh freisin ar ár muintir féin a fuair bás agus iad ag súil le haiséirí glórmhar. Cuimhnigh orthu siúd uile atá imithe ar shlí na fírinne, agus fáiltigh rompu isteach i solas do ghlóire.
Déan trócaire orainn uile, impímid ort, ionas go mb'fhiú sinn a bheith páirteach sa bheatha shíoraí chun tú a mholadh agus a ghlóiriú i gcuideachta na Maighdine Muire, Máthair Dé, na Naomh Aspal agus na naomh uile a rinne do thoilse riamh anall, trí do Mhac Íosa Críost.
Is tríd agus leis agus ann a thugtar gach onóir agus glóir duitse, a Dhia an tAthair uilechumhachtach, mar aon leis an Spiorad Naomh, trí shaol na saol.
P Amen.

*

Deasgnátha na Comaoineach

Ar nAthair

S. Guímis chun an Athar faoi mar a mhúin ár Slánaitheoir dúinn a dhéanamh:

Ar nAthair atá ar neamh, go naofar d’ainm, go dtaga do ríocht,
go ndeantar do thoil ar an talamh, mar a dhéantar ar neamh.
Ar n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimidne dar bhfeichiuna féin,
agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc.

Beannú an Phósta [díreach tar éis an ár nAthair]

Iarraimis ar Dhia a bheannacht a chur ar A. agus A., atá pósta anois i gCríost agus iad a aontú le chéile go buan ina ghrá.
A Dhia, ár nAthair, cruthaitheoir na cruinne, chruthaigh tú an fear agus an bhean ar do dheilbh fein
agus bheannaigh tú a gcomhcheangal le chéile.
Guímid go humhal thú ar son na lánúine seo a aontaíodh le chéile inniú i sacraimint an Phósta.
Cuir do bheannacht orthu. Go bhfaighe siad aoibhneas ina ngrá dá chéile
(agus sólás ina gcuid leanaí,) agus go gcuire siad rath ar bheatha na hEaglaise.
Go mola siad thú in am an t-sonais agus go n-iompaí siad chugat in am an bhróin.
Go mba údar sóláis doibh thú in am an deachracht agus go mba udar áthais doibh do chabhair ma gcuid oibre.
Go ndéana siad thú a adhradh mar aon leis an Eaglais agus go raibh siad ma bhfinnéithe duit sa saol.
Go raibh chabhair na gcomharsan acú agus iad ag dul in aois agus go mbaine siad amach ar deireadh ríocht na bhflaitheas.
Sin é ár nguí chugat tri Chriost ár dTiarna.
Freagra: Amen.

S: Síocháin an Tiarna libh i gconaí.
P: Agus leat féin.
S: Cuirigí in iúl dá chéile go bhfuil síocháin eadraibh.
Tugann gach éinne comhartha síochána d'á gcomharsain.

A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn.
A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn.
A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, tabhair dúinn síocháin.

S: Seo é Uan Dé, seo é an té a thógann peacaí an domhain. Is méanar dóibh siúd a fuair cuireadh chun séire an Uain.
A Thiarna, ní fiú me go dtiocfá faoi mo dhíon, ach abairse an focal agus leigheasfar m’anam.

Cuirtear tús leis an Loinneog don Chomaoineach nuair a ghlacann an sagart Corp Chriost.
Loinneog Don Chomaoineach

Ghráigh Críost an Eaglais agus thug sé é féin suas ar a son, d’fhonn í a réiteach dó féin mar bhean chéile naofa gan cháim.

Machtnamh tar éis na Chomaoineach
Cómhrá de chuid naoimh Póil (aithrithe de shliocht as an litir chuig na Rómhánaigh)

A lánúin nua, táim á iarraidh oraibh as ucht trócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n-íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n-adhradh spioradálta. Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne, ar shlí go n-aithneodh sibh le chéile cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.
Bíodh bhur ngrá dá chéile saor ón gcur i gcéill. Bíodh fuath agaibh don olc agus cloígí leis an maith. Bíodh grá clainne agaibh dá chéile agus tugaigí tús urraime dá chéile; bígí dúthrachtach gan leisce, ar lasadh leis an Spiorad, agus ag tabhairt seirbhís don Tiarna. Bígí suairc le dóchas, seasmhach faoi thrioblóid, ag tabhairt riar a gcáis do na naoimh, agus ag cleachtadh na féile.
Bígí lúcháireach le lucht na lúcháire agus dobrónach le lucht an dobróin. Bígí báúil le cách agus in ionad a bheith ardnósach déanaigí caidreamh leis na daoine ísle. Ná himrígí cor in aghaidh an chaim ar aon duine, ach an rud uasal a bheith mar aidhm agaibh os cómhair an tsaoil. Más féidir é, chomh fada le bhur ndícheall, mairigí go síochánta le cách uile.

S: Guímis.
Trí neart na híobartha seo, a Thianna, bíodh do ghnaoi ar na forais a chum d’eagna ar fail; déan d’aonmhéin sa ghrá an lánúin a dhaingeann tú le chéile faoi chuing an Phósta. Sin é ár nguí chugat trí Chriost ár dTiarna.
P: Amen.

*

Beannachtaí Deiridh

S: Go raibh an Tiarna libh.
P: Agus leat féin.
S: Go gcoimeáda Dia an tAthair síoraí sibh buanseasmhach in bhur ngrá.
P: Amen.
S: Go raibh clann agaibh, chun sibh a bheannu, go raibh cáirde agaibh chun sólás a thabhairt daoibh, agus go gcaithe sibh bhur saol faoi shíocháin le gach duine.
P: Amen.
S: Go dtuga sibh fianaise ar ghrá Dé sa saol seo le bhur bhféile dóibh siud atá faoi ualach, ionas go bhfáilteoidh siadsan romhaibh isteach i solas na bhflaitheas.
P: Amen.
S: Go raibh síocháin Dé de shíor in bhur dteaghhach. Go raibh aingil Dé a chumhdach, agus go raibh Teaghlach Naofa Nasarait mar eiseamláir agus mar inspioráid agaibh.
P: Amen.
S: Go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh uile, an tAthair, an Mac agus an Spiorad Naomh.
P: Amen.