Selection of Texts

for a Funeral in Irish


Téacsanna do Aifreann Sochraide

(Irish language Texts for a Funeral)

(Téacs le h'Aifreann na Marbh,
Léachtaí (Briathar Dé),
Guí an Phobail,

Paidir Eocairisteach,
Fágáil Slán
, agus
Paidreacha oiriúnacha Eile)

 

Aifreann na Marbh

In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. (Áméin)

Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir. (Agus le do spiorad féin.)

Gníomh Aithrí

Sagart: A phobal Dé, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne chun gurbh fhiú sinn na rúndiamhra naofa a cheiliúradh. (tost gairid)... Le chéile:

Pobal: Admhaím do Dhia uilechumhachtach, agus daoibhse a bhráithre, gur pheacaigh mé go trom, le smaoineamh agus le briathar, le gníomh agus le faillí, tri mo choir féin, trí mo choir féin, trí mo mhórchoir féin.
Ar an ábhar sin, impím ar Naomh-Mhuire Síor-ógh, ar na hAingil agus ar na Naoimh, agus oraibhse, a bhráithre, guí ar mo shon chun ár dTiarna Dia.

Sagart: Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn. (Pobal: Áméin)

Sagart: A Thiarna, déan trócaire. (Pobal: A Thiarna, déan trócaire)

Sagart: A Chríost, déan trócaire. (Pobal: A Chríost, déan trócaire)

Sagart: A Thiarna, déan trócaire. (Pobal: A Thiarna, déan trócaire)

S. Guímis:

Éist, a Thiarna, lenár nguí agus dáil do thrócaire ar anam do sheirbhísigh, (Ainm), atá glaoite agat anois as an saol seo. Réitigh áit dó (di) i gcomhluadar na naomh i bhflaitheas na glóire. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna. Áméin.

 

An chéad Léacht:

Sliocht as leabhar na hEagna (3:1-6.9)

Tá anamacha na bhfíréan i láimh Dé agus ní bhainfidh piolóidí leo choíche

Ba dhóigh le lucht na díchéille go raibh siad marbh,
agus measadh gur thubaiste ab ea a mbás,
agus gurbh ionann agus díothú a n-imeacht uainn.
Ach is amhlaidh atá siad faoi shuaimhneas anois.
óir bíodh gur fhulaing siad pionós os comhair an tsaoil,
bhí siad lán de dhóchas go mairfidís go deo.
Tar éis dóibh beagán smachtaithe a fhulaingt
bronnfar mórán tíolacthaí orthu.
Mar chuir Dia féachaint orthu, agus fuair sé a dhíol iontu.
Thástáil sé iad mar ór i bhfoirnéis
agus ghlac sé leo ina n-íobairt lándóite.
Na daoine a chuireann a muinín ann, tuigfidh siad an fhírinne;
agus na daoine a fhanann dílis dó,
cónóidh siad ina fhochair faoi ghrá;
mar faigheann a phobal tofa grásta agus trócaire uaidh.
(Sin é Briathar Dé)

Nó : Sliocht as litir Naoimh Pól chuig na Rómhánaigh (14:17-12)

Ní dó féin a mhaireann aon duine againn

Ní dó féin a mhaireann aon duine againn ná ní dó féin a fhaigheann sé bás. Má mhairimid beo is don Tiarna a mhairimid, agus más bás a fhaighimid is don Tiarna a fhaighimid bás chomh maith. Cibé acu beo nó marbh dúinn, mar sin, is leis an Tiarna sinn. Mar is chuige seo a fuair Críost bás agus a d'éirigh beo: chun go mbeadh tiarnas ar bheo agus ar mhairbh araon aige. Caithfimid go léir seasamh os comhair suí breithiúnais Dé, mar tá scríofa: "Dar mo bheo,” a deir an Tiarna, "ach go bhfeacfar gach glúin os mo chomhair agus déanfaidh gach teanga admháil do Dhia.” Dá réir sin tabharfaidh gach duine dínn cuntas air féin do Dhia.
(Sin é Briathar Dé)

Nó : Sliocht as leabhar Iób (19:1.23-27)

Is eol dom go maireann mo chosantóir beo

Dúirt Iób:
"Mo mhairg nár scríobhadh síos mo bhriathra,
Nár inscríobhadh iad ar scrolla,
Nár greanadh iad, le peann iarainn agus le luaidhe,
Ar charraig go brách.
Is eol dom go maireann mo chosantóir beo,
Agus go seasóidh seisean, an neach deireanach, an fód go daingean ar talamh.
Dá bhfeicfinn é ar scaradh le mo chneas,
Dá bhfaighinn radharc ar mo Dhia agus mé díchollaithe,
An té a d'fheicfinn, bheadh sé ar mo thaobh,
An té a bhfeicfeadh mo shúile é, ní bheadh sé eascairdiúil liom.
Tá mo leasracha á gcnaí."
(Sin é Briathar Dé)

Nó : Sliocht as litir Naoimh Pól chuig na Rómhánaigh (8:31-35, 37-39)

Cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn

Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne? Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn ina theannta chomh maith? Agus cé a dhéanfaidh lucht tofa Dé a chúisiú? Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh, atá fós ar dheis Dé agus atá ag idirghuí ar ár son? Cé a scarfaidh ó ghrá Chríost sinn? Trioblóid an ea? nó cruatan, nó géarleanúint, nó gorta, nó nochtacht, nó guais, nó an claíomh féin? Ach sna cúrsaí seo go léir, beirimid an bua go caithréimeach tríd an té úd a thug grá dúinn. Mar táim cinnte dearfa de nach bhféadfaidh bás ná beatha, aingil ná prionsaí ná cumhachtaí, nithe atá ann anois ná nithe atá le teacht, an domhan thuas ná an domhan thíos, ná dúil chruthaithe ar bith eile sinn a scaradh ó ghrá Dé atá in Íosa Críost ár dTiarna.
(Sin é Briathar Dé)

Salm le Freagra

(Salm 114)

Freagra: Siúlfaidh mé i bhfianaise an Tiarna i ndúiche na mbeo

Is ceansa an Tiarna agus is cóir;
is trócaireach é ár nDia.
Cosnaíonn an Tiarna lucht na simplíochta.
Bhí mé go hainnis agus shábháil sé mé. F.

Bhí muinín agam fiú amháin nuair a dúirt mé:
"Táim do mo bhuaireamh go mór.”
Nuair a dúirt mé le corp eagla:
"Is bréagach gach aon neach.” F.

Is luachmhar i bhfianaise an Tiarna
bás a chuid naomh
A Thiarna, is mise do ghiolla,
scaoil tú mo chuibhreacha díom. F.

Nó : (Salm 26)

Freagra: Is é an Tiarna mo sholas is mo shlanú

Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú,
cé a chuirfidh eagla orm?
Is é an Tiarna dúnáras mo bheatha;
cé a chuirfidh ar crith mé? F.

Aon ní amháin a iarriaim ar an Tiarna, éilím é seo:
Bheith i mo chónaí i dteach an Tiarna fad a bheidh mé beo,
chun go mblaisfinn aoibhneas an Tiarna,
agus go bhfeicfinn a theampall. F.

A Thiarna, éist le mo ghuth nuair a screadaim ort;

dean trócaire orm is freagair mé.
A Thiarna, táim ag cuardach do ghnúise;
ná folaigh orm do ghnúis. F.

Creidim go bhfeicfidh mé maitheas an Tiarna
i dtír na mbeo.
Fan leis an Tiarna, bi cróga,
bíodh do chroí go tréan
is fan leis an Tiarna. F.

Nó : (Salm 24)

Freagra: Chugatsa a thógaim m'anam, a Thiarna

Cuimhnigh ar do thrócaire, a Thiarna,
agus ar do bhuanghrá atá ann ó na cianta.
De réir do bhuanghrá cuimhnigh orm,
as ucht do mhaitheasa, a Thiarna. F.

Tabhair faoiseamh don chroí atá cráite
agus beir mé slán ón anacair.
Tabhair do d'aire mo bhrón is mo bhuairt
agus maith dom mo pheacaí go léir. F.

Déan m'anam a chosaint, agus fuascail mé;
nár náirítear mé toisc mo thriall a bheith ort.
Go gcumhdaí an neamhurchóid is an t-ionracas mé,
óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna. F.

Nó : (Salm 22)

Freagra: Is é an Tiarna m'aoire, ní bheidh aon ní de dhith orm

Is é an Tiarna m'aoire,
ní bheidh aon ní de dhíth orm.
Cuireann sé féin i mo luí mé
i móinéar féir ghlais.
Seolann sé ar imeall an uisce mé
mar a bhfaighim suaimhneas. F.

Seolann sé ar rianta díreacha
mar gheall ar a ainm.
Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais,
níor bhaol liom an t-olc
agus tú faram le do shlat is do bhachall
chun sólás a thabhairt dom. F.

Cóiríonn tú bord chun béile dom
i láthair mo naimhde.
Ungann tú mo cheann le hola;
tá mo chupán ag cur thar maoil. F.

Leanfaidh cineáltas is fabhar mé
gach uile lá de mo shaol;
i dteach an Tiarna a mhairfidh mé
go brách na breithe. F.

Soiscéal

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin (14:1-6)

Ná bíodh buaireamh ar bhur gcroí

Dúirt Íosa lena deisceabail:
'Ná bíodh buaireamh ar bhur gcroí; creideann sibh i nDia; creidigí ionamsa leis. Is iomaí áras i dteach m'Athar. Mura mbeadh, d'inseoinn daoibh é. óir táim ag dul ag cur áit i gcóir daoibh, agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh, tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin: i dtreo, an áit ina mbeidh mise go mbeidh sibhse chomh maith. Tá eolas na slí agaibh mar a bhfuilim ag dul.'
Dúirt Tomás leis: 'A Thiarna, ní eol dúinn cá bhfuil tú ag dul agus cén chaoi is féidir dúinn eolas na slí a bheith againn?'
Dúirt Íosa leis: 'Is mise an tSlí, an Fhírinne, agus an Bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.'

Sliocht as an Soiscéal naofa de reir Naomh Eoin (11:17-21)

Mise an tAiséirí agus an Bheatha

Nuair a tháinig Íosa go Beatáine, fuair sé Lazaras agus é ceithre lá cheana féin sa tuama. Bhí Beatáine timpeall dhá mhíle ó Iarúsailéim. Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár. Nuair a chuala Marta go raibh Íosa tagtha, chuaigh sí amach ina choinne. D'fhan Máire ina suí sa teach. Dúirt Marta ansin le hÍosa: 'A Thiarna, dá mbeifeása anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás. Ach tá a fhios agam anois féin, cibé ní a iarrfaidh tú ar Dhia, go dtabharfaidh Dia duit é.'

Dúirt Íosa léi: 'éireoidh do dheartháir arís.' 'Tá a fhios agam,' arsa Marta leis, 'go n-éireoidh sé arís san aiséirí an lá deireanach.' Dúirt Íosa léi: 'Mise an tAiséirí agus an Bheatha; an té a chreideann ionamsa, fiú amháin má fhaigheann sé bás, mairfidh, agus gach duine a bhíonn beo agus a chreideann ionamsa, ní bhfaighidh sé bás choíche. An gcreideann tú an méid sin?'
'Creidim, a Thiarna,' ar sí. 'Creidim gur tú an Chríost, Mac Dé—an té a tháinig isteach sa saol.'

 

Guí an Phobail

  1. Guímid ar son na hEaglaise – go raibh an Eaglais i gcónaí dílis do shoiscéal Chríost: soiscéal leighis, maithúnas agus dóchais... A Thiarna, éist linn. (Freagra: A Thiarna, bí cheannsa agus éist linn.)

  2. Guímid orthu siúd a bhfuil cúram poiblí orthu. Go saothraí siad ar son an chirt agus ar son na síochána... A Thiarna, éist linn. (Freagra).

  3. Sa bhaisteadh gealladh an bheatha shíoraí dár (mbráthair/ siur), (AINM). Tabhair dó (di) páirt a bheith aige (aici) i gcomaoin na naomh go deo... A Thiarna, éist linn. (Freagra).

  4. Guímid ar son muintir agus cairde ár (mbráthar/ siúrach), (AINM) – go bhfaighe siad sólás ina mbuairt ón Tiarna a shil na deora os cionn uaigh Lazaras... A Thiarna, éist linn. (Freagra).

  5. Guímid ar ár ngaolta atá marbh agus orthu siúd go léir a bhí go maith dúinn. Go bhfáiltí Dia rompu isteach sa solas soilseach ina láthair féin... A Thiarna, éist linn. (Freagra).

  6. Guímid orthu sin a fuair bás sa chreideamh. Go bhfáiltí an Tiarna rompu isteach ina láthair féin... A Thiarna, éist linn. (Freagra).

An Ofráil

Sagart: Is beannaithe thú a thiarna, a Dhia na cruinne mar gur bhronn tú orainn an t-arán seo a ofrálaimid duit. An talamh agus saothar an duine a thugann é mar thoradh agus déanfar de arán na beatha dúinn.

Pobal: Moladh go deo le Dia.

Sagart: Is beannaithe thú a thiarna, a Dhia na cruinne mar gur bhronn tú orainn an fíon seo a ofrálaimid duit. An talamh agus saothar an duine a thugann é mar thoradh agus déanfar de deoch spioradálta dúinn.

Pobal: Moladh go deo le Dia.

Sagart: Guígí, a bhráithre, go nglaca Dia an tAthair uilechumhachtach leis an íobairt se uaimse agus uaibhse.

Pobal: Go nglaca an Tiarna leis an íobairt seo ó do lámha chun onóra agus glóire a ainm, agus chun sochair dúinn agus dá naomhEaglais uile. Áméin

Paidir ós cionn na nOfrálacha

Tabhair lámh chúnta, a Thiarna, do do sheirbhíseach a n-ofrálaimid an tAifreann seo mar chúiteamh duit ar a shon lá a adhlactha. Má lean aon smál peaca de/dí, nó má thruailligh aon locht daonna é/í, maith dó/dí agus déan glan firéanta é/í. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.

Preafáid

Is ceart agus is cóir dúinn, go deimhin, is cuí agus is tairbheach, buíochas a ghabháil leat de shíor agus i ngach áit, a Thiarna, a Athair naofa, a Dhia uilechumhachtaigh shíoraí, trí Chríost ár dTiarna.

Ghlac seisean leis an mbás d'fhonn an cine daonna a shaoradh ón mbás; thoiligh sé bás a fháil leis féin d'fhonn go mairimisne duitse amháin go brách.

Uime sin, mar aon le cór na nAingeal, molaimid thú agus fógraímid le háthas: (Sanctus)

Is naofa, naofa, naofa thú, a Thiarna Dia na slua. Tá neamh agus talamh lán de do ghlóir. Hósanna sna harda. Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna. Hósanna sna hárda.

 

Paidir Eocairisteach 3

A Dia, is tú amháin is naofa. Gach ar chruthaigh ftú molann siad thú mar is dual duit. Déanann tú gach rud a bheochan agus a naomhú, le cumhacht an Spioraid Naoimh, trí do mhac, ár dTiarna, Íosa Criost, agus bionn tú de shíor ag bailiú chugat féin, ionas go mbeadh iobairt ghlan á hofráil do d’ainm, o éiri go luí na gréine.

Impímid go humhal ort, dá bhri sin, a Thiarna, na tabhartais seo atá tugtha i do láthair againn le coisreacan duit tríd an Spiorad céanna, ionas go ndéanfaí díobh Corp agus Fuil do Mhic, ár dTiarna, Íosa Críost; mar is le hordú uaidh a cheiliúraimid na rúndiamhra seo.

An oiche ar tugadh suas é thóg sé an t-arán, ghabh sé buíochas leat, thug moladh duit, bhris an t-arán agus thug dá dheisceabail é a rá:

GLACAIGÍ AGUS ITHIGÍ UILE É SEO:
ÓIR IS É SEO MO CHORP
A THABHARFAR AR BHUR SON.

Ar an gcaoi chéanna, tar éis an tsuipéir, thóg sé an challis, ghabh sé buíochas leat arís, mhol thú, thug dá dheisceabail í, á rá:

GLACAIGÍ AGUS ÓLAIGÍ UILE AISTI SEO:
ÓIR IS Í SEO CAILÍS MO CHUID FOLA,
FUlL AN NUATHIOMNA SHÍORAÍ.
DOIRTFEAR Í AR BHUR SON
AGUS AR SON AN CHINE DHAONNA
CHUN MAITHIÚNAS NA bPEACAI.
DÉANIGÍ É SEO I gCUIMHNE ORMSA.

Fógraímis rúndhimhair an chreidimh.. Pobal: A Íosa, fuair tú bás ar á son; d'éirigh tú ó na mairbh; tiocfaidh tú arís.

Sagart: Dá réir sin, a Thiarna Dia, cuimhnímid ar pháis do Mhic a shlánaigh sinn, ar a aiséirí glórmhar agus ar a dheascabáil chun na bhflaitheas. Agus ofrálaimid duit, mar chomhartha buíochais, an iobairt bheo naofa seo, agus sinn ag feitheamh go muiníneach lena theacht athuair.

Féach anuas, impimid ort, ar iobairt na hEaglaise: Is eol duit gurb é seo an Chríost céanna, ar ghlac tú lena bhás in éiric ár bpeacaí. Tabhair dúinn, dá bhrí sin, go líonfar den Spiorad Naomh sinne atá dar gcothú le Corp agus le Fuil do Mhic, agus go ndéantar dínn aon chorp amháin agus aon spiorad amháin i gCríost.

Go ndéana seisean dínn tabhartas foirfe síoraí duitse, a Dhia, ionas go n-éireoidh linn an oidhreacht a bhaint amach i gcuideachta na naomh: sa chéad áit, an Mhaighdean Bheannaithe, Muire Máthair Dé, d’Aspail naofa agus do Mhairtirigh ghlórmhara, Naomh Peadar, agus na naoimh uile.

Tá lánmhuínn againn as an idirghuí a dhéanann siad go buan os do chomhair. An íobairt seo a thugann sinn chun athmhuintearais leat, go dté sí chun siochána agus chun slánaithe don domhan uile, impimid ort, a Thiarna.

Neartaigh d’Eaglais, ar a hoilithreacht ar talamh, i gcreideamh agus i gcarthanacht mar aon le do sheirbhiseach, ár bPâpa Eoin Pól, lenâr nEaspag Eoin agus na heaspaig agus leis an gcléir uile, agus leis an bpobal uile atá roghnaithe agat. Tabhair aird go ceansa ar mhianta an teaghlaigh atá anseo i do láthair de réir do thola féin.

A Athair na trócaire, ceangail leat féin do chlann uile, cibé áit a bhfuil siad scaipthe. Lig isteach go geanúil i do ríocht ár muintir atá marbh agus gach duine atá imithe as an saol seo faoi do ghnaoí. Is é ár ndóchas go mbeimidne ina gcuideachta siúd, ionas go mbainfimid aoibhneas as do ghlóir, i dteannta a chéile go deo, trí Chríost an dTiarna trína mbronnann tú gach maitheas ar an saol.

Is trid, agus leis, agus ann a thugtar gach onóir agus glóir duitse, a Dhia an tAthair, uilechumh-achtach, mar aon leis an Spiorad Naomh, trí shaol na saol. Áméin.

Ár nAthair

Sagart: Guimís chun ár Athar Síorraí, faoi mar a mhúin ar Slánaitheoir dúinn a dhéanamh

Pobal: Ár nAthair atá ar neamh,
go naofar d'ainm
Go dtaga do ríocht
Go ndéantar do thoil ar an talamh
mar a dhéantar ar neamh.
ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu
Agus maith dúinn ár bhfiacha
Mar a mhaithimidne ár bhféichiúnaithe féin
Agus ná lig sinn i gcathú
ach saor sinn ó olc. Áméin.

Sagart: Saor sinn ó gach olc, impimid ort, a Thiarna. Tabhair dúinn síocháin kebár linn, ionas go mbeimid, le cabhair do thrócaire saor ón bpeaca i gcónai agus slán ón uile bhuairt agus sinn ag súil go lúcháireach le teacht ár Slánaitheora, Íosa Críost.

Pobal: óir is leatsa an ríocht agus an chumhacht agus an ghlóir, trí shaol na saol.

Sagart: A Thiarna Íosa Críost, a dúirt le d'Aspail:
Fágaim síocháin agaibh,
tugaim daoibh mo shíocháin: ná féach ar ár bpeacaíne
ach ar chreideamh d'Eaglaise;
deónaigh síocháin di agus aontaigh í ina chéile
faoi mar is toil leat féin,
Cuireann a bhosa le chéile.
tusa a mhaireann agus a rialaíonn tri shaol na saol.
Pobal: Áméin.

Síocháin agus Chomaoineach Naofa

Sagart: Síocháin an Tiarna libh i gconaí. Pobal: Agus le do spiorad féin. Sagart: Cuirigi in iúl dá chéile go bhfuil siocháin eadraibh.

A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn;
A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn;
A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, tabhair dúinn síocháin.

Seo é Uan Dé, seo é an té a thógann peacaí an domhain. Is méanar dóibh siúd a fuair cuireadh chun séire an Uain... A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon, ach abairse an focal agus leighasfar m’anam.

Sagart: Corp Criost. Pobal: Áméin.

Loinneóg don Chomaoineach

Táimid ag súil leis an Tiarna, Íosa Críost an Slánaitheoir, an té a chuirfidh athrú crutha ar ár gcorp suarach, á mhúnlú i gcosúlacht a choirp ghlórmhair féin.

Tar eis na Comaoineach

Deonaigh, a Dhia uilechumhachtaigh, go nglanfar tríd an íobairt seo anam do sheirbhísigh (Ainm). a d'fhág slán leis an saol seo (inniu); go saorfar é / í óna pheacaí agus go raibh suaimhneas síoraí an aiséirí aige/ aici. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.


 

Fágáil Slán leis an duine marbh

Sagart:  Le dóchas in Íosa Críost tá corp ár ndearthár (ndeirféar), (Ainm), á chur san uaigh againn. larraimid go humhal ar Dhia, dá bhfónann gach dúil, an corp faonlag seo a thógáil faoi ghlóir isteach i gcomhluadar na naomh agus é a áireamh ar shluaite na bhfíréan.

Go dtuga Dia breithiúnas trócaireach air/uirthi, go maithe sé a p(h)eacaí dó/di agus go saora sé ón mbás é/í. Go dtreoraí an tAoire fónta é/í chun athmhuintearais leis an Athair agus go bhfaighe sé /sí aoibhneas go deo mar aon leis na naoimh i láthair an Rí shíoraí.

Fanann cách ina dtost ag guí ar feadh tamaill bhig. Croitear uisce coisricthe ar an gcorp agus túistear é.

Sagart: Cabhraigí leis/léí a naomha Dé. Tagaigí le chabhrú, a aingle an Tiarna.

Pobal: Fáiltigí roimh a (h)anam agus tugaigí i láthair an Te is airde é/í.

Sagart: Críost a ghlaoigh ort, go bhfailtí sé romhat, agus go stiúra aingil an Tiarna go hucht ábraham thú.

Pobal: Fáiltigí roimh a (h)anam agus tugaigí i láthair an Te is airde é/í.

Sagart: Suaimhneas síoraí tabhair dó/di, a Thiarna, agus go lonraí solas suthain air/uirthi.

Pobal: Fáiltigí roimh a (h)anam agus tugaigí i láthair an Té is áirde é/í.

Sagart: A Thiarna, déan trócaire. Pobal: A Thiarna, déan trócaire.

Sagart: A Chríost, déan trócaire. Pobal: A Chríost, déan trócaire.

Sagart: A Thiarna, déan trócaire. Pobal: A Thiarna, déan trócaire.

Urnaí

A Athair na trócaire, cuirimid anam ár ndearthár/ndeirfiúr faoi do choimirce. Gabhaimid buíochas leat as an gcineáltas go léir a bhronn tú ar do sheirbhíseach agus é/í sa saol seo. Bíodh an méid sin mar chomhartha againn ar do mhórmhaitheas féin, agus ar chomaoin na naomh i gCríost.

éist go trócaireach, lenár n-urnaithe, a Thiarna. Oscail geataí na bhflaitheas do do sheirbhíseach, agus cuidigh linne ar an saol seo sólás a thabhairt dá chéile le neart ár gcreidimh, go dtí go rachaimid go léir faoi dhéin Chríost agus go mbeimid in éineacht leatsa agus lenár ndeartháir/ndeirfiúr go deo. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.

Áméin.

Go dtreoraí na haingil isteach sna flaithis thú, go bhfáiltí na mairtírigh romhat agus go ndéana siad thú a thionlacan go cathair naofa Iarúsailéim.

Nó:

Mise an t-aiséirí agus an bheatha: An té a chreideann ionamsa, fiú amháin má fhaigheann sé bás, mairfidh, agus gach duine beo a chreideann ionamsa, ní bhfaighidh sé bás choíche.

 


 

Paidreacha oiriúnacha Eile

MAGNIFICAT

Mórann m'anam an Tiarna,
agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia, mo shláinaitheoir;
óir dhearc sé le fábhar ar ísle a bhanóglaigh,
Mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom.

óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom
agus is naofa a ainm.
Agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin,
dóibh seo ar a mbíonn a eagla.

Thaispeáin sé neart a láimhe.
Scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí.
Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha
agus d'árdaigh se daoine ísle.
Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe
agus chuir na saibhre uaidh folamh.

D'fhóir sé ar Iosrael, a sheirbhíseach,
ag cuimhneamh dó ar a thrócaire
de réir mar a gheall sé dár n-aithreacha,
d'Abráhám agus dá shliocht go brách.

Glóir don Athair agus don Mhac
agus don Spiorad Naomh;
mar a bhí ar dtús, mar atá anois
agus mar a bhéas go brách le saol na saol. Áméin.

REGINA COELI (AM NA CáSCA)

Déan gairdeas, a Bhanríon na bhflaitheas, alleluia,
óir an Té arbh fhiú thú é a iompar, alleluia.
D'aiséirigh sé mar a dúirt, alleluia,
Guígh orainn chun Dé, alleluia.

R. Déan áthas agus gairdeas, a Mhaighdean Mhuire, alleluia,
Fr. óir d'éirigh an Tiarna go fíor, alleluia.

Guímis
A Dhia a dheonaigh áthas a thabhairt don domhan trí aiséirí do Mhic,
ár dTiarna Íosa Críost, tabhair dúinn, impímid ort, trí idirghuí na Maighdine Muire, a Mháthair, go bhfaighimis gairdeas na beatha síoraí.
Tríd an gCríost céanna ár dTiarna. Áméin.

SALVE REGINA

Go mbeannaíthear duit, a Bhanríon, a Mháthair na trócaire,
ár mbeatha, ár milseacht agus ár ndóchas, go mbeannaíthear duit.
Is ort a ghlaoimid, clann dhíbeartha éabha.
Is chugat a chuirimid suas ár n-urnaí,
Ag caoineadh agus ag gol, sa ghleann seo na ndeór.
Ar an ábhar sin, ós tú ár n-abhcóide,
iompaigh orainn do shúile atá lán de thrua,
agus taréis na deoraíochta seo taispeáin dúinn
toradh beannaithe do bhroinne, Íosa.
A Mhaighdean Mhuire cheansa, ghrámhar, mhilis

Guigh orainn a Naomh-Mháthair Dé,
Ionas go mb'fhiú sinn geallúna Chríosta a fháil.

Guímis. Doirt anuas, impímid ort a Thiarna, do ghrásta inár gcroíthe, ionas go dtiocfaimis sinne a fuair fios trí scéala an Aingil ar theacht Chríost do mhac i gcolainn daonna, trí luaíocht a pháise agus a chroise chun glóire a aiséirí. Trí Chríóst ár dTiarna. Áméin.

á é í ó ú